8. (Oír atá fúasgladh a nanma comhmórluáigh sin, agus coisgfidh go bráth:)
9. Go madh héidir leis fós marthainn go bráth, chor nach bhfaicfeadh truáilleadh.
10. Oír do chí go néuguid daoine críonna, an tamadán fós agus an duine brúideamhuil go néuguid síad, agus go bhfágaid ag daóinibh oile a saidhbhrios.
11. Síad smuáintighthe a ccroidhe, a ttighthe do mharthuinn go bráth, agus a náitreibh ó ghinealach go ginealach; do bheirid a nanmanna féin air a ndúthaigh.
12. Acht ní dhéana an duine comhnuidhe a noirdhearcus: is cosmhuil é ris na hainmhintibh mheathas.
13. So a slighe sé a néigcríonnachd é: agus taitnid a ráidhte ris an luchd thig na ndiáigh. Selah.
14. Cuirthear san úaidh íad mar cháorchaibh; iosfuidh an bás íad; biáidh úachdaránachd ag an bhfíréun orra air maidin; agus cnaóifighear a mbréaghdhachd san úaidh as a nionad comhnuighe.