1. Cluinidhe so, a dhaoine uile; éisdighe sibhsi, a uile áitreabhthacha an domhuin:
2. An tárd, agus an tísiol, an saidhbhir, agus an daidhbhir, le chéile,
3. Laibheoruidh mo bhéul neithe glioca; agus smuáiniughaidh mo chroidhe iomad eagna.
4. Cláonfad mo chlúas chum cosamhlachd: foisceolad air an ccláirsigh mo rádh díamhair.
5. Cred fá mbeith eagla orum a laéthe a nuilc, an tan thiocfas éagceart mo shál am thimchioll fá gcuáirt?
6. An dream chuireas a ndóthchus iona saidhbhrios, agus do ní aidhbhéil asta féin a niomad a maóine;
7. Ní fhuáisceoluidh duine ar aonchor a dhearbhrathair, ní thiubhraidh a fhuásgladh do Dhía:
8. (Oír atá fúasgladh a nanma comhmórluáigh sin, agus coisgfidh go bráth:)
9. Go madh héidir leis fós marthainn go bráth, chor nach bhfaicfeadh truáilleadh.
10. Oír do chí go néuguid daoine críonna, an tamadán fós agus an duine brúideamhuil go néuguid síad, agus go bhfágaid ag daóinibh oile a saidhbhrios.