8. Boltnuighidh do chuid éaduigh uile do mhirr, agus aloes, agus chassia, amach as pálásuibh dfíacluibh elephant, le ndéarnadar lúathgháireach thú.
9. Atáid ingheana ríogh a measc do bhan onórach: atá an bhainríoghan ar na suighiudh ar do láimh dheis a nór Ophir.
10. Eíst, a inghean, agus faic, agus cláon do chlúas; agus dearmaid do dhaóine féin, agus tigh hathar;
11. Agus sainnteochuidh an rígh do scéimh: óir isé féin do THIGHEARNA agus umhluigh thú féin dó.
12. Agus guidhfid ingheana Tíor haghaidh re tiodhlacadh, an chuid is saidhbhre don phobal.
13. Atá inghean an rígh glórmhar uile taobh a stigh: is dórshnáithe a cúlaidh.
14. Do bhéarthar í chum an rígh a nórnaidheachd dobair shnaithide: na maighdiona a compánuigh noch leanas í do bhéarthar chugadsa íad.
15. Do bhéarthar íad maille ré lúathgháir agus gháirdeachus: tiucfuid go pálás an rígh.
16. A náit haithreadh biáid do mhic, suigheochthar mar phrionnsuighibh íad san talamh uile.