Psailm 45:4-7 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

4. Agus beir biseach ann do bhréaghdhachd déan marcuigheachd air haghaidh do bhrígh bhreithe na fírinne agus ceánnsachda agus an cheirt; agus múinfidh do lámh dheas neithe úathbhásach dhuit.

5. Is géur do shoighde a ccroidhthe naimhde an rígh; tuitfid na daoine fúd.

6. Atá do chathaóir ríogha, a Dhé, go sáoghal na sáoghal: colbha fíréuntachda iseadh is colbha dot ríoghachd.

7. Do ghrádhuigh tú fíréuntachd, agus dfúathaigh tú éaigceart: air a nadhbharsin do ungaidh Día, do Dhía féin, thú le hola luathgháire ós cionn do chompánach.

Psailm 45