1. Sceithigh mo chroidhe amach cúis mhaith: labhruim mobair don rígh: mo theanga mar pheann scribhnéora ro dheithniosaidh.
2. Is bréaghdha thú na clann na ndáoine: atáid grása ar ndórtadh ann do bhéul: uime sin do bheannaigh Día thú go bráth.
3. Deasuigh do chloidheamh ar do shlíasuid, ó a chumhachduigh, red ghlóir agus red dhaitheamhlachd.
4. Agus beir biseach ann do bhréaghdhachd déan marcuigheachd air haghaidh do bhrígh bhreithe na fírinne agus ceánnsachda agus an cheirt; agus múinfidh do lámh dheas neithe úathbhásach dhuit.
5. Is géur do shoighde a ccroidhthe naimhde an rígh; tuitfid na daoine fúd.
6. Atá do chathaóir ríogha, a Dhé, go sáoghal na sáoghal: colbha fíréuntachda iseadh is colbha dot ríoghachd.