Psailm 44:6-11 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

6. Oír ní chuirfead mo dhóigh ann mo bhogha, agus ní sáorfa mo chloidheamh mé.

7. Acht do thárthuigh tusa sinn ó ar naimhdibh, agus do náirighis luchd ar ngortuighthe.

8. Do nímid glóir a Ndía ar feadh an laói, agus molfam hainm choidhche. Selah.

9. Acht do thréig tú, agus do náirigh tú sinn; agus ní racha tú amach ré ar slúaghaibh.

10. Do bheir tú oruinn iompógh ón namhaid: agus an luchd fhúathuighios sinn do níd éadáil dóibh féin.

11. Do bheir tú sinn amhuil mineallach mar bhíadh; agus spréighe tú sinn a measc na ngeinteadh.

Psailm 44