Psailm 42:5-11 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

5. Cred fa tteilgthear síos thú, ó manam? agus cread fa bhfuil tú buáidheartha ionnam? cuir do dhóigh a Ndía: óir molfad é fós ar son sláinte a aighthe.

6. O mo Dhía, atá manam ar na theilgion síos ionnam: da bhríghsin cuimhníghim ortsa ó thalamh lordan, agus Hermonim, agus ón ccnoc bheag.

7. Goiridh an dubhaigéan chum an dubhaigéin re guth do dhuisioll uisgeadh: do chúador do thonna agus do thuile úile tharam.

8. Annsa ló aitheanas Día dhá thrócaire, agus annsa noidhche a chaintic agamsa, urnaigh chum Dé manma.

9. Déara mé ré Día mo charraic, Cred as ar dheármuid tú mé? cred fa nimthighim go doilghiosach ó shárughadh mo námhad?

10. Lé cloidheamh ann mo chnámhuibh, scannluighid meascáirde mé; an feadh a deirid riom go láetheamhuil; Cáit a bhfuil do Dhía?

11. Cred fa tteilgeann tú thú féin síos, ó manam? agus cred fa bhfuil tú buáidheartha ionnam? cuir do dhóigh a Ndía: oír molfa mé fós é, sláinte maighthe, agus mo Dhía.

Psailm 42