4. Bíodh úamhan oruibh, agus ná déanuidh peacadh: déanuidh comhrádh ré bhur ccroidhe féin air bhur leabuidh, agus beithi socair. Selah.
5. Ofráluidh íodhbartha na fíréuntachda, agus cuiridh bhur ndóigh annsa TIGHEARNA.
6. Atáid mórán ag rádh, Cía thaísbeanfas maith ar bith dhuinn? a THIGHEARNA, tóg súas solus do ghnúisi oruinn.
7. Do chuiris lúathgháir ann mo chroidhe ní is mo ná a nuáir do mhéuduigh a narbharsan agus a bhfíon.
8. Luighfe mé mar an ccéadna a síothcháin, agus coidéola mé: óir tusá, a THIGHEARNA, amháin chuireas am chomhnuidh mé a neamhbáoghal.