1. Eisd riom a nuáir ghoirfead, ó a Dhé mfíréantachda: dfuáscuil tú mé an tan do bhí mé a ccumhgach; déan trócaire orum, agus éist murnaigh.
2. O Sibhsi a mhaca na ndaóine, cá fad bheithí ag íompóigh mo ghlóire chum náire? cá fad bhías grádh aguibh ar dhíomhaoineas, no dhéantaói lorgaireachd a ndiáigh bhréag? Selah.
3. Acht bíodh a fhios aguibh gur chuir an TIGHEARNA do leathtaoibh an duine diadha dhó féin: cluinfidh an TIGHEARNA an tan ghoirfead air.
4. Bíodh úamhan oruibh, agus ná déanuidh peacadh: déanuidh comhrádh ré bhur ccroidhe féin air bhur leabuidh, agus beithi socair. Selah.
5. Ofráluidh íodhbartha na fíréuntachda, agus cuiridh bhur ndóigh annsa TIGHEARNA.