1. A Dubhairt mé, Do bhéara mé aire dom shlighthibh, go nach déanad peacadh lem theangaidh: coinneochad srian rem bhéul, an feadh bhías an ciontach ós mo choinne.
2. Do bhí mé balbh ré a bheith am thocht, do bhí mé am thocht, ó mhaith; agus do corruigheadh mo dhoilghios.
3. Do bhí mo chroidhe te ionnam a stigh, ann mo smuáineadh do las an teine: annsin do labhrus rem theangaidh, ag rádh,
4. A THIGHEARNA, foillsigh dhamh mo chríoch dheighionach, agus tabhair a fhios damh caidhe fad mo láethe; go madh fios damh cá fad mhairfios mé.