Psailm 37:35-40 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

35. Do chonnairc mé an drochdhuine neartmhar, agus agá leathnughadh féin amhuil crann glas fhasas úadh féin.

36. Agus do ghabhus thort, agus, féuch, ní raibh sé ann: agus díarr mé é, agus níor fríth é.

37. Comharthuigh an fíréun, féuch air an ndíreach: óir is síothcháin críoch a nfir sin.

38. Acht scriosfuighthear luchd an tsáruighthe á néinfheachd: agus gearrfar amach deireadh an drochdhuine.

39. Agus is ón TIGHEARNA atá slánughadh a nfíréin: sé a neart é a naimsir a néigiontuis.

40. Agus do bhéaruidh an TIGHEARNA cabhair dhoibh, agus sáorfuidh íad: sáorfuidh sé íad ó na drochdhaóinibh, agus coimhdeochuidh íad, do bhrígh go bhfuil a ndóigh ann.

Psailm 37