25. Do bhí mé óg, agus a nois atáim áosta; acht ní fhaca mé an fíréun ar na thréigion, agus a shliocht ag íarruidh déirce aráin.
26. Atá sé trócaireach, agus áirleagthach; ar feadh an laói, agus atá a shliochd beannuigh.
27. Dealuigh ó nolc, agus déan maith; agus áitreibh go bráth.
28. Oír is ionmhuin leis an TTIGHEARNA breitheamhnus, agus ní thréigionn a naóimh; agus atáid daingion go bráth: achd gearrfar sliochd an drochdhuine ar fad.
29. Géabhaid na daóine fíréunta oighreachd a nfeáruinn, agus áitreobhuid ann go síorruidhe.
30. Laibheoruidh béul a nfíréin eagna, agus laibheoruidh a theanga breitheamhnus.
31. Atá dligheadh a Dhé iona chroidhe, ní sciorrfuidh áon dá choiscéimibh.
32. Bí an drochdhuine ag faire ar an bhfíréun, agus íarruidh a chur chum báis.
33. Ní fhúigfidh an TIGHEARNA iona láimh é, agus ní dhaimnéochuidh é an tan do dhéantar breitheamhnus air.
34. Feith air an TTIGHEARNA, agus connaimh a shlighe, agus áirdeochuidh sé thú chum oighreachda na dúithche: a nuáir bhéid na drochdhaóine air na scrios, do chífe tú sin.
35. Do chonnairc mé an drochdhuine neartmhar, agus agá leathnughadh féin amhuil crann glas fhasas úadh féin.