Psailm 37:23-29 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

23. Is ón TTIGHEARNA orduighthear coiscéime an duine: an tan bhías dúil aige iona shlighe.

24. Bíodh go ttuitfeadh, ní teilgfighthear síos é: óir congmhaidh an TIGHEARNA a lámh súas.

25. Do bhí mé óg, agus a nois atáim áosta; acht ní fhaca mé an fíréun ar na thréigion, agus a shliocht ag íarruidh déirce aráin.

26. Atá sé trócaireach, agus áirleagthach; ar feadh an laói, agus atá a shliochd beannuigh.

27. Dealuigh ó nolc, agus déan maith; agus áitreibh go bráth.

28. Oír is ionmhuin leis an TTIGHEARNA breitheamhnus, agus ní thréigionn a naóimh; agus atáid daingion go bráth: achd gearrfar sliochd an drochdhuine ar fad.

29. Géabhaid na daóine fíréunta oighreachd a nfeáruinn, agus áitreobhuid ann go síorruidhe.

Psailm 37