Psailm 33:18-22 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

18. Féuch, atá súil an TIGHEARNA ar an luchd air a bhfuil a eagla, air an lucht chuirios a ndóigh iona thrócaire;

19. Do sháoradh a nánma ó bhás, agus dá ccongmháil béo a ngorta.

20. Atá ar nanam ag feitheamh air an TTIGHEARNA: is eision ar ccabhair agus ar scíath.

21. Oír is annsan do dhéanas ar ccroidhe gáirdeachus, do bhrígh gur chuireamar ar ndóigh ann a ainm naomhthasan.

22. Biodh do thrócaire oruinn, a THIGHEARNA, do réir mar atá ár ndóigh ionnad.

Psailm 33