5. Oir iona fheirg ní bhfuil acht móiment; iona fhabhar atá beatha: annsa tráthnóna bíodh go mbí gul, tig gáirdeachus air maidin.
6. Acht a dubhairt misi am shuáimhnios, Ní háthrochthar mé choidhche.
7. A THIGHEARNA, maille red ghrásuibhse do chuir tú neart ann mo shlíabhsa: dfoluigh tú haghaidh, agus do bhí mé buáidheartha.
8. Chugadsa a THIGHEARNA, do chomhairc mé; agus chum an TIGHEARNA do rinne mé mo ghuidhe;
9. Cred é an tarbha atá an mfuil, a núair rachad síos san núamhaidh? An molfuidh an luaithreadh thú? an bhfoillseochuidh sé thfírinne?
10. Cluin, a THIGHEARNA, agus déan trócaire orum: ó a THIGHEARNA, cuidigh liom.
11. Diompóigh tú mó dhóbhrón a damhsa dhamh: do chuiris díom mo shaicéadach, agus do choimhcheangluis mé le lúathgháir;
12. Ionnus go ccanfadh mo ghlóir moladh dhuitsi, agus gan bheith am thochd. O a THIGHEARNA mo Dhía, do bhéarad buidheachus riot go bráth.