4. Canuidh psalm don THIGHEARNA, ó sibhsi a naomha féin, agus tugaidh buidheachus do chuimhne a naomhthachda.
5. Oir iona fheirg ní bhfuil acht móiment; iona fhabhar atá beatha: annsa tráthnóna bíodh go mbí gul, tig gáirdeachus air maidin.
6. Acht a dubhairt misi am shuáimhnios, Ní háthrochthar mé choidhche.
7. A THIGHEARNA, maille red ghrásuibhse do chuir tú neart ann mo shlíabhsa: dfoluigh tú haghaidh, agus do bhí mé buáidheartha.