1. Ardmholfa mé thú a THIGHEARNA; óir do thóig tú súas mé, agus ní thug tú air measccáirdibh gáirdeachas do dhéanamh ós mo chionn.
2. O a THIGHEARNA mo Dhía, do chomhairc mé chugad, agus do leighis tú mé.
3. O a THIGHEARNA, do thóig tú manam súas as ifrionn: do choimhéad tú béo mé, go nach rachfuinn síos don núamhaidh.
4. Canuidh psalm don THIGHEARNA, ó sibhsi a naomha féin, agus tugaidh buidheachus do chuimhne a naomhthachda.
5. Oir iona fheirg ní bhfuil acht móiment; iona fhabhar atá beatha: annsa tráthnóna bíodh go mbí gul, tig gáirdeachus air maidin.
6. Acht a dubhairt misi am shuáimhnios, Ní háthrochthar mé choidhche.