Psailm 28:1-3 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Chugadsa gháirfeas mé, a THIGHEARNA mo charruig; na bí boghar am tháobhsa: deagla, muna bhfreagarthá mé, go madh cosmhuil mé ris a ndróing théid síos don log.

2. Cluin guth mo athchuinge, a nuáir chomhaircfead chugad; a núair thóigfead súas mo lámha chum horacuil náomhtha.

3. Na tárruing mé leis na cionntachaibh, ná leis a ndróing oibrighios olc, noch labhras síothcháin ré na ccomharsanuibh, a nuáir bhíos urchóid iona ccroidhe.

Psailm 28