Psailm 27:6-9 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

6. Agus a nois áirdeochur mo cheann ós cionn mo námhad fa ccuairt am thimchioll: agus íodhborad iona thabernacuil íodhbartha gáirdeachuis; canfad, agus do dhéan salm don TIGHEARNA.

7. Cluin, a THIGHEARNA, a nuáir ghairim rem ghuth: agus déan trócaire orum, agus freagair mé.

8. Mar a dubhairt tusa, iarruidhse mo aghaidh; haghuidh, a dubhairt mo chroidhesi riot, iarrfad a THIGHEARNA.

9. Ná foluigh haghuidh uáim; ná fill ód sherbhíseach a bhfeirg: bá tú mo chabhair: ná fág mé, agus ná tréig mé, a Dhé mo shlánuighthe.

Psailm 27