2. O mo Dhía, cuirim mo dhóthchus ionnad: ná náirighthear mé, na déanaid mo naimhde gáirdeachus ós mo chionn.
3. Fós, an mhéid chuiríos a ndóigh ionnad ná náirighthear íad: bíodh náire air a ndroing noch chionntuighios gan chúis.
4. Foillsigh a THIGHEARNA, do shlighthe dhamhsa; taisbéin damh do chasain.
5. Tréoruigh mé ann thfírinne, agus teagaisc mé: óir is tú Día mo shlánuighthe; ortsa bhím ag feithiomh air feadh an laói.
6. Cuimhnigh do thrócaire chinealta, ó a THIGHEARNA, agus do mhuinnteardhas grádhach; óir atáid ann a ríamh.
7. Ná cuimhnigh peacadh móige, ná mo sháruighthe: do reír do thrócaire cuimhnigh mé ar son do mhaitheasa, a THIGHEARNA.
8. Is maith agus is díreach an TIGHEARNA: uimesin teagaiscfidh sé na peacuich san tslighe.
9. Tréorochuidh sé na ceannsaighthe a mbreitheamhnus: agus múinfidh sé a shlighe do na ceannsaighthibh.
10. Is trócaire agus fírinne slighthe an TIGHEARNA uile don luchd chongmhus a chunnradh agus a fhiaghnuiseadh.
11. Ar son hanma, a THIGHEARNA, iseadh mhaithfeas tú méaigceart; bíodh gur mór sin.
12. Cia hé an duine air a bhfuil eagla an TIGHEARNA? múinfe sé é annsa tslighe thoighfeas sé.
13. Aitreobhuidh a anam a maith; agus biáidh oidhreacht na dúithche aga chloinn.
14. Atá rún an TIGHEARNA ag an luchd eagluigheas roimhe; agus foillsighidh a chunnradh dhóibh.