Psailm 24:2-9 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

2. Oír do shuighidh é air na huisgeadhuibh, agus do dhaingnidh é air na tuiltibh.

3. Cía rachus súas a slíabh an TIGHEARNA? agus cía sheasfas ion ionad náomhtha?

4. An té agá bhfuil lámha glana, agus croidhe fíorghlan; noch nar thóg súas a anum chum díomhaoinis, agus nach ttug a mhionna chum ceilge.

5. Do gheabha sé beannughadh an TIGHEARNA, agus fíréuntachd ó Dhía a shlánuighthe.

6. Isé so ginealach na druinge íarras é, noch íarrus do ghnuis, a Dhía lácob. Selah.

7. O sibhsi a gheatuighe, tógbhuidh súas bhur ccinn; agus tógbhuidh súas sibh féin, sibhsi a dhóirse síorruidhe; agus tiucfaidh Rígh na glóire a steach.

8. Cía hé an Ríghsi na glóire? An TIGHEARNA láidir agus cumhachdach, an TIGHEARNA cumhachdach a gcáth.

9. O sibhsi a gheatuighe, tógbhuidh súas bhur ccinn; agus tógbhuidh súas sibh féin, sibhsi a dhóirse síorruidhe; agus tiucfaidh Rígh na glóire a steach.

Psailm 24