Psailm 22:17-26 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

17. Féaduim mo chnámha uile dáireamh: do chíd síad agus amhaircid orum.

18. Roinnid méadach eaturra, agus do theilgeadar crannchair air mo chúlaidh.

19. Acht thusa a THIGHEARNA, na bí a bhfad úaim: ó mo neart, deithfrigh dom chabhair.

20. Sáor manam ón ccloidheamh; mo áon ó neart an mhadraidh.

21. Coimhéad mé ó bhéul an leomhuin: óir do chúala tú mé ó adharcaibh na hunicorn.

22. Foillseachuidh mé hainm dom dhearbhráithribh: a lár an choimhthionoil molfa mé thú.

23. Sibhsi air a bhfuil eagla an TIGHEARNA, moluidh é; síol Iácob uile, glóruidhe é; agus bíodh a eagla oruibh, a shíol Israel uile.

24. Oír níor tharcuisnigh agus níor fhuáithigh sé aindese an duine bhoichd; agus níor fholuigh a aghuidh uadha; agus a nuáir do ghoir sé air, do chaluáidh sé.

25. Budh tusa mholfas mé ann sa chomhdháil mhóir: coimhlionfa mé móide ós a ccuinne agá bhfuil a eagla orra.

26. Iosaid na daoine macanta agus biáid sásta: molfuid an TIGHEARNA an luchd íarrus é: mairfidh bhur ccroidhe go bráth.

Psailm 22