1. Go ccluinidh an TIGHEARNA thú a ló na buáidheartha; go ccoimhéaduigh ainm Día lácob thú.
2. Go ccuiridh cabhair chugad as an tsanctóra, agus go neartuighe thú as Sión.
3. Go ccuimhnighe thofrála uile, agus go niompóigh thiodhbairt loiscthe a luáith. Selah.
4. Go ttuga dhuit do reír do chroidhe, agus go ccoimhlíonuidh huile chomhairle.
5. Do dhéanam gáirdeachuis ann do shlánughadh, agus a nainm ar Ndé cuirfeam bratacha súas: go ccoimhlíona an TIGHEARNA huile íarratas.
6. Anois aithnighim go slánuighionn an TIGHEARNA a ungthach; cluinfe sé é ó na fhlaitheasuibh neamhdha re neart dídin a láimhe deise.
7. Cuimhnighidh drong air charbaduibh, agus drong oile air eachuibh: acht cuimhneochaimne air ainm an TIGHEARNA ar Ndé.
8. Tugadh a núas íad agus do thuiteadar: achd éirghimidne súas, agus seasamuid go díreach.