1. Cred fa ndéanuid na geinte baóis, agus fa smúainid na daóine díomhaóineas?
2. Cuirid ríghthe na talmhan íad féin a cceann a chéile, agus glacaid na ríaghlóirigh comhairle, re chéile a naghaidh an TIGHEARNA, agus a naghaidh a ungthaigh, ag rádh,
3. Briseam ó chéile a ccuibhreacha, agus teilgiom uáinn a cceangail.
4. An té shuighios ansna flaitheasuibh do dhéana sé gáire: do dhéana an TIGHEARNA fochmhuid orra.
5. Annsin laibheoruidh sé ríu iona fheirg, agus cráidhfidh sé íad iona dhíbhfheirg.
6. Gidheadh do chuir misi mo rígh air mo chnoc náomhtha Sion.
7. Foillseocha mé an reachd: a dubhairt an TIGHEARNA riomsa, Is tú mo Mhac; a niugh do ghin mé thú.
8. Iarr orum, agus do bhéara mé dhuit na geinte mar oighreacht, agus na codcha is imchéine don talamh mar sheilbh.