1. Cred fa ndéanuid na geinte baóis, agus fa smúainid na daóine díomhaóineas?
2. Cuirid ríghthe na talmhan íad féin a cceann a chéile, agus glacaid na ríaghlóirigh comhairle, re chéile a naghaidh an TIGHEARNA, agus a naghaidh a ungthaigh, ag rádh,
3. Briseam ó chéile a ccuibhreacha, agus teilgiom uáinn a cceangail.
4. An té shuighios ansna flaitheasuibh do dhéana sé gáire: do dhéana an TIGHEARNA fochmhuid orra.
5. Annsin laibheoruidh sé ríu iona fheirg, agus cráidhfidh sé íad iona dhíbhfheirg.