1. Foillsighid na flaithis glóir Dé; taisbeanuid na spéirigh obair a lámh.
2. Foillsighidh lá urlabhradh do lá oile, agus foillsíghidh oidhche eagna doidhche.
3. Ní bhfuil comhrádh ar bith, agus ní bhfuil focail nach ccluintear a nguth.
4. Téid a líne go fóirleathan annsa talamh uile, agus a mbríathra go deireadh an domhuin. Do chuir sé páilliun don ghréin ionnta,
5. Noch atá amhuil fear mná pósta ag teacht amach, as a sheómra, lúathgháirighidh sé amhuil fear neartmhar ag rioth coímhlionga.
6. O théoruinn na bhflaitheas iseadh thríallus amach, agus a thimchiollradh go nuige a théorannuibh oile: agus ní bhfuil aóinni a bhfolach ó na theas.
7. Atá dligheadh an TIGHEARNA iomlán, ag iompógh a nanma: is fírinneach fiaghnuise an TIGHEARNA, ag déanamh an tsimpligh críonna.
8. Atáid reachda an TIGHEARNA ceart, ag gáirdiughadh an chroidhe: atá áithne an TIGHEARNA fiorghlan, ag tabhairt radhairc do na súilibh.
9. Atá eagla an TIGHEARNA glan, ag marthuin choidhche: is fírinneach breitheamhnusa an TIGHEARNA agus ceart go hiomlán.