Psailm 18:42-50 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

42. Agus brúighfe mé íad amhuil luáithreadh roimhe an ngaóith: amhuil lathach annsna sráidibh sailteoruidh mé orra.

43. Saorfa tú mé ó imreasain na ndaóine; cuirfir mé mar cheann air na cineadhachaibh: daóine nar bhaithne dhamh do dhéanuid serbhís damh.

44. Comhluath is chluinfid a ccluas, caithfid bheith umhal damh: caithfidh an coigcrigheach umhla do dhéanamh dhamh.

45. Tuitfid na coigcrígh, agus biáidh eagla orra as a nionaduibh daingne.

46. Mairidh an TIGHEARNA; agus go madh beannuigh bhias mo charruic; agus árduighthear Día mo shlánuighthe.

47. An Día noch do bheir dioghaltas ar mo shonsa, agus a deir ris na daóinibh bheith urramach dhamh.

48. Sáorfa tú mé óm naimhdibh: iseadh, tógfa tú mé ós cionn na druinge éirghios súas am aghaidh: sáorfa tú me ó fhear a nfhoiréigin.

49. Ar a nadhbharsin molfa mé thú, a THIGHEARNA, a measc na ngeinteadh, agus canfad moladh dot ainm.

50. Noch do bheir fúascluithe móra dha rígh; agus fhoillsighios trócaire dhá ungthach, do Dháibhi, agus dá shíol go bráth.

Psailm 18