1. Graidheochuidh mé thú, a THIGHEARNA mo neart.
2. An TIGHEARNA mo charruic, agus mo dhaingean, agus mfear sáortha; mo Dhía, mo neart, ióna ccuirfe mé mo dhóthchus; mo scíath, agus adharc mo shlánuighthe, mo ionad árd.
3. Goirfe mé air an TTIGHEARNA, nóch is fiú a mholadh: agus saorfuighthear óm naimhdibh mé.
4. Do thimchiolladar doilghiosa an bháis mé: do eagluigheadar tuilte na neimh-dhíadhachda mé.
5. Do thimchiolladar doilghiosa ifrinn fa ccúairt mé: do cuireadh líonta an bháis as mo choinne.
6. Ann mamhgar do ghoireas air mo THIGHEARNA, agus déighios air mo Dhía: do chúaluidh sé ó na theampull mo ghuth, agus do chuáidh méighmhe ós a choinne, iona chlúasaibh.
7. Ann sin do chroith agus do chriothnuigh an talamh; agus do chriothnuigheadar íochdar na ccnoc agus do chriotheadar íad féin, do bhrígh go raibh teas feirge air.