Psailm 17:4-13 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

4. A ttáobh oibreach na ndaóine, lé breithir do phussa do sheachain mé casáin an scriostóra.

5. Connuimh súas mo imtheachd ann do chasánuibh, chor nach sleamhnochuid coischéime mo chos.

6. Do ghoireas ort, oír cluinfir mé, ó a Dhé: cláon do chlúas chugam, agus éist mo chomhrádh.

7. Taisbéin do chinéul grádhach iongantach, ó thusa noch sháorus led láimh dheis an luchd do chuirios a ndóigh ionnad ón mhuinntir noch éirghios súas na naghaidh.

8. Coimhéad mé mar mheall na súl, foluigh mé faói scáile do sciathán,

9. O na ciontachuibh noch sháruighios mé, óm naimhdibh marbhthacha, noch thimchiollas mé fa ccuairt.

10. Atáid síad dlúithithe iona méuthus fein: le na mbeul labhruid go huáibhreach.

11. Do thimchiolladar anois sinn ionar ccoiscéimibh: do chuireadar a súile ag cromadh síos chum na talmhan;

12. Amhuil leomhan noch ata geanach chum a chreiche, agus mar leomhan óg ag forchoimhéad a nionaduibh díamhara.

13. Eírigh, ó a THIGHEARNA, toirmisc é, teilg sios é: fúasguil manam ó na cionntachaibh, red chloidheamh:

Psailm 17