Psailm 17:1-10 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Eist an ceart, a THIGHEARNA, tabhair aire dom éighiomh, tabhair clúas dom urnuigh, noch imthigheann amach as pusuibh meabhlacha.

2. Tigeadh mo bhreitheamhnus amach ód lathair; tugaidís do shúile aire do na neithibh atá comhthrom.

3. Do dhearbhuis mo chroidhe; do fhiosruighis sa noidhche; do dhearbhuis mé, agus ní bhfuighir éainní; is mían liom nach cciontochuidh mo bhéul.

4. A ttáobh oibreach na ndaóine, lé breithir do phussa do sheachain mé casáin an scriostóra.

5. Connuimh súas mo imtheachd ann do chasánuibh, chor nach sleamhnochuid coischéime mo chos.

6. Do ghoireas ort, oír cluinfir mé, ó a Dhé: cláon do chlúas chugam, agus éist mo chomhrádh.

7. Taisbéin do chinéul grádhach iongantach, ó thusa noch sháorus led láimh dheis an luchd do chuirios a ndóigh ionnad ón mhuinntir noch éirghios súas na naghaidh.

8. Coimhéad mé mar mheall na súl, foluigh mé faói scáile do sciathán,

9. O na ciontachuibh noch sháruighios mé, óm naimhdibh marbhthacha, noch thimchiollas mé fa ccuairt.

10. Atáid síad dlúithithe iona méuthus fein: le na mbeul labhruid go huáibhreach.

Psailm 17