Psailm 148:7-14 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

7. Moluidh an TIGHEARNA ón ttalamh, a dhragúna, agus a uile dhoimhne:

8. Teine, agus cloichshneachda; sneachda agus deathuigh: gáoth anfadhach ag coimhliónadh a bhréithre.

9. Na sléibhte, agus na huile chnoic; croinn thoraidh, agus a nuile shéadar

10. An beathach allta, agus a nuile ainmhidhe; gach ní shnáighios, agus éunlaith eitiolus:

11. Ríghthe na talmhan, agus na huile dhaoine; prionnsoighe, agus uile bhreitheamhuin na talmhan:

12. Oígfhir, agus fós maighdiona; seandaóine, agus leinibh:

13. Molaidís ainm an TIGHEARNA; oir atá a ainm amháin ar na árdughadh go hoirdheirc; atá a ghlóir ós cionn na talmhan agus na neamh.

14. Agus dárduigh sé adharc a dhaóine, moladh a náomh uile; chlanna Israel, na daoine atá a bhfogus dó. Moluidh an TIGHEARNA.

Psailm 148