18. Dá náirmhim íad, is lía íad le a gcomháireamh ná an gaineamh: mhúsgluim, atáim do ghnáth agadsa.
19. Go cinte marbhann tú na ciontuigh, a Dhé: ar anabharsin a dhaóine fuilteacha, imthighidh uáimse.
20. Noch labhras ad aghaidh go hurchóideach, agus do naimhde bheir hainm go díomhaóin.
21. Nach bhfuil fúath agamsa orra, a THIGHEARNA, agá bhfuil fúath ortsa? agus nach bhfuil fearg orum leis a ndroing éirghios súas ad aghaidh?
22. Lé fúath diongmhálta fúathuighim íad: atáid mar naimhde agam.
23. Cúartuigh mé, a Dhé, agus tuig mo chroidhe: teastuidh me, agus tuig mo smuáintighe:
24. Agus féuch an bhfuil slighe ar bith chiontach ionnam, agus treóruidh mé a slighe na síorruidheachta.