Psailm 137:1-7 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Laimh ré srothaibh Bhabilón, ann sin do shuigheamar, do ghuileamar, fós, mar do chuimhnigheamar Síon.

2. Do chrochamar ar gcláirseacha air fhuileógaibh iona méadhón sin.

3. Oír annsin díarradar an lucht do rug a láimh sinn ceóil dhín; agus an dream do rinne carnáin dínn lúathghaire, ag rádh, Cánaidh dhúinn cuid do cháinticibh Síon.

4. Cionnus chánfam cáintic an TIGHEARNA a ttalamh coimhthightheach?

5. Má dhearmaduim thusa, ó Ierusalem, dearmadadh mo lámh dheas a gliocas.

6. Ceangladh mo theanga dúachtar mo bhéil, muna ccuimhnighe mé ortsa; muna ttogfa mé lerusalem ós cionn mullaigh mo shóláis.

7. Cuímhnigh, a THIGHEARNA, clann Edom a ló lerusalem; noch a dubhairt, Tochlaidh, tochlaidh í, go nuige a híochdar.

Psailm 137