Psailm 135:7-15 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

7. Tógbhuidh sé súas na deatuighe ó fhoirimeal na talmhan; do ní tinnteach chum fearthanna; ag tabhairt na gaóithe amach as a ionnmhusaibh.

8. Noch do bhuáil céaidgheine na Hégipte, ó dhuine go beathach.

9. Do chuir sé comharthadha agus ionganta chugadsa a Egipt, ann do meadhon, air Pharao, agus air a uile sheirbhíseachaibh.

10. Noch do bhuáil iomad cineadhach, agus do mharbh ríghthe móra;

11. Sihon rígh na Namoríteach, agus Og rígh Básan, agus uile rioghachta Chánaain:

12. Agus thug sé a bhfearann mar oighreacht, na oighreachd Dísrael a phobal féin.

13. A THIGHEARNA, atá hainm, go síorruighe; a THIGHEARNA, atá do chuímhne, ó ghinealach go ginealach.

14. Oír béaraidh an TIGHEARNA breitheamhnus air a dhaóinibh, agus biáidh aithreachus air a ttáobh a sheirbhíseach.

15. Is airgiod agus ór íomhaighe na ngeinteadh, obair lámh dáoine.

Psailm 135