1. MOLUIDH an TIGHEARNA. Moluidh ainm an TIGHEARNA; moluidh é, a sheirbhíseacha an TIGHEARNA.
2. Noch sheasas a ttigh an TIGHEARNA a gcúirtibh thighe ar Ndé,
3. Moluidh an TIGHEARNA; óir is maith an TIGHEARNA: canaidh sailm dhá ainm; óir atá sé aóibhinn.
4. Oír do thogh an TIGHEARNA Iácob dhó féin, Israel do bheith na ionnmhus áirighe aige.
5. Oír ís aithne dhamh gur mór an TIGHEARNA, agus go bhfuil ar TTIGHEARNA ós cionn a nuile dhée.
6. Do rinne an TIGHEARNA, gach ní do thoguir fein air neamh, agus air talamh, annsna fairgeadhuibh, agus annsna huile aigéanuibh.
7. Tógbhuidh sé súas na deatuighe ó fhoirimeal na talmhan; do ní tinnteach chum fearthanna; ag tabhairt na gaóithe amach as a ionnmhusaibh.
8. Noch do bhuáil céaidgheine na Hégipte, ó dhuine go beathach.
9. Do chuir sé comharthadha agus ionganta chugadsa a Egipt, ann do meadhon, air Pharao, agus air a uile sheirbhíseachaibh.