Psailm 119:91-106 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

91. Do réir hórduighthe seasuid a niugh: óir is seirbhísigh dhuit íad uile.

92. Muna bheith gur bé do dhligheadh mo ro thaitneamh, annsin do mheithfinn ann mo bhuáidhreadh.

93. Ní dhearmodfad go bráth haitheantasa: óir is léosin do bhéoghuidh tú mé.

94. Is leatsa mé, tárthuigh mé; óir díarr mé haitheanta.

95. Do bhí an ciontach ag brath orum chum mo mhillte: measfa mé thfíadhnuiseadha.

96. Do nuile iomláine do chonnairc mé críochnughadh: acht atá haithnesi ro fhairsing.

97. Cionnus ghrádhuighim do dhligheadh ! is é mo smuáineadh é air feadh an laói.

98. Do dhéana tú misi críonna ós cionn mo námhad red aitheantaibh: óir atáid agam a ccomhnuighe.

99. Tuigim ós cionn mo lucht teagaisg uile: oir is íad thfíaghnuiseadh mo smuáineadh.

100. Tuigim nios mó ná na sinnsir, do bhrígh gur choimhéad mé haitheantasa.

101. Do chonnuimh mé mo chos ó nuile dhroichshlighe, iondus go ccoimhéadfuinn thfocal.

102. Od bhreitheamhnusaibh níor dhealuigh mé: óir do theagaisg tú mé.

103. Cred é millse do ráidhte dom charbad ! ní is millsi ná mil dom bhéul !

104. Od aitheantaibh fuáir mé tuigse: uimesin fúathuighim uile shlighe na neimhfhírinne.

105. As lóchrann dom chosaibh do bhríathar, agns solus dom chasánaibh.

106. Thug mé mo mhionna, agus coimhlionfad sin, breitheamhnuis thfíréantachda do chomhall.

Psailm 119