64. A THIGHEARNA, atá an talamh líonta dot thrócaire: teagaisg do reachda dhamh.
65. Do rinne tú go maith led shearbhfhoghantuigh, a THIGHEARNA, do réir do bhréithre.
66. Teagaisg dhamh tuigse mhaith agus éolus: óir do chreid mé haitheanta.
67. Suil do bhuáidhreadh mé, do chuáidh mé ar seachrán: a nois coimhéaduim do bhríathra.
68. Is maith thú, agus do ní tú maith; teagaisg do reachda dhamh.
69. Do chumadar na huáibhrigh bréag am aghaidh: ré croidhe iomlán coimhéadfa mé haitheanta.
70. Atá a gcroidhe ramhar mar mheathus; atá mo dhúil ann do dhligheadh.