Psailm 119:48-61 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

48. Agus tóigfid súas mo lámha fós chum haitheanta, noch do ghrádhuigh mé; agus do dhéanad smuáineadh ann do reachtaibh.

49. Cuimhnigh an bhriathar dot sheirbhíseach, noch ar a ttugais orum mo dhóthchús do chur.

50. Isé so mfurtacht ann manacair: óir do bhéoghaidh do bhríathar mé.

51. Do tharcuisnigheadar na huáibhrigh mé go hainmheasardha: ód dhligheadh níor chláon mé.

52. Do chuimhnigh mé do bhreitheamhnuis ón tseanaimsir, a THIGHEARNA; agus do mheisnigh mé mé féin.

53. Do ghabh an túathbhas greim dhíom ar son na gciontach noch do thréig do reacht.

54. Do bhádar do reachta na gcainticibh agam a ttigh moilithrighe.

55. Do chuimhnighios hainm, san noidhche, a THIGHEARNA, agus coimhéadfad do dhligheadh.

56. Fuáir mé so, do bhrígh gur choimhlíon mé do dhligheadh.

57. Is tusa mo chomhroinn, a THIGHEARNA: do gheall mé do bhríathar do choimhlíonadh.

58. Do ghuidh mé haghaidh rém uile chroidhe: déan trócaire orum do réir do bhréithre.

59. Do mheas mé mo shlighthe, agus do iompóigh mé mo chosa chum thfíaghnuiseadha.

60. Do rinne mé deithfir, agus ní dhéarnas faillighe haithéanta do choimhéad.

61. Do shladadar slúagh na gciontach mé: níor dhearmaid mé do dhligheadh.

Psailm 119