47. Agus biáidh dúil agam féin ann haitheantaibh, noch do ghrádhuigh mé.
48. Agus tóigfid súas mo lámha fós chum haitheanta, noch do ghrádhuigh mé; agus do dhéanad smuáineadh ann do reachtaibh.
49. Cuimhnigh an bhriathar dot sheirbhíseach, noch ar a ttugais orum mo dhóthchús do chur.
50. Isé so mfurtacht ann manacair: óir do bhéoghaidh do bhríathar mé.
51. Do tharcuisnigheadar na huáibhrigh mé go hainmheasardha: ód dhligheadh níor chláon mé.
52. Do chuimhnigh mé do bhreitheamhnuis ón tseanaimsir, a THIGHEARNA; agus do mheisnigh mé mé féin.
53. Do ghabh an túathbhas greim dhíom ar son na gciontach noch do thréig do reacht.
54. Do bhádar do reachta na gcainticibh agam a ttigh moilithrighe.