23. Do shuigheadar fós prionnsuighe do labhradar am aghaidh: do dhéana do sheirbhíseach stuidéur ad dhlighthibh.
24. Fós is íad thfíadhnuiseadh máoibhneas, daóine mo chomhairle.
25. Leanaidh manam don luáithreadh: béoghuidh mé do réir do bhréithre.
26. Do comháirimh mé a rís mo shlighthe, agus do chúala tú mé: teagaisg do reachta dhamh.
27. Tabhair orum slighthe haitheanta do thuigsin: agus do dhéanad smuáineadh ad oibreacha iongantacha.
28. Atá manam ag sileadh le doilghios: neartuigh mé do réir do bhréithre.
29. Athruigh uáim slighe na neimhfhírinne: agus áontuigh go grásamhuil dhamh do dhligheadh.
30. Do thogh mé slighe na fírinne: do chuir mé do bhreitheamhnuisi ós mo choinne.
31. Do ghreamuigh mé dot fhiaghnuisibh: a THIGHEARNA, ná náirigh mé.