146. Eighim chugadsa; tarthaidh me, agus coimhéadfad thfíadhnuiseadh.
147. Do mhoichéirghe mé theacht an laói, agus déighios: do bhi mo dhúil red fhocalsa.
148. Bíd mo shúile na ndúscadh a ttráthuibh na hoidhche, chum smuainiughadh ann do bhréithir.
149. Cluin mo ghuth do réir do thrócaire: a THIGHEARNA, do réir do bhreitheamhnuis béoghaidh mé.
150. Atáid ag teacht a bhfoghus noch leanas durchóid: atáid a bhfad ód dhligheadh.
151. Atá tusa a bhfogus, a THIGHEARNA; agus is fírinne haitheanta uile.
152. A ttáobh thfiadhnuiseadhsa, bá fios damh re fada gur shuighidh tú íad go síorruidhe.
153. Dearc ar manacair, agus sáor mé: óir níor dhearmuid mé do dhligheadh.
154. Tagair mo chúis, agus sáor mé: do réir dó bhréithre béoghaidh mé.
155. As fada slánughadh ón gcoirighthe: óir ní íarruid do reachta.
156. Is líonmhar do thrócaire chineulta, a THIGHEARNA: béoghaidh mé do réir do bhreitheamhnuis.