140. Do dhearbha do bhríatharsa go mór: agus is ionmhuin lead sheirbhíseach í.
141. Is beag misi agus is tarcuisneach: níor dhearmaid mé haitheantasa.
142. Is fíréantacht síorruidhe thfíréantachdsa, agus is fírinne do dhligheadh.
143. Tárlaigh anacair agus goimh chugam: is íad haitheanta máoibhneas.
144. Atá fíréantacht thfíaghnuiseadha go síorruidhe: tabhair tuigsi dhamh, agus mairfe mé.
145. Eighim rem uile chroidhe; cluin mé, a THIGHEARNA: coimhéadfa mé do reachta.
146. Eighim chugadsa; tarthaidh me, agus coimhéadfad thfíadhnuiseadh.
147. Do mhoichéirghe mé theacht an laói, agus déighios: do bhi mo dhúil red fhocalsa.
148. Bíd mo shúile na ndúscadh a ttráthuibh na hoidhche, chum smuainiughadh ann do bhréithir.
149. Cluin mo ghuth do réir do thrócaire: a THIGHEARNA, do réir do bhreitheamhnuis béoghaidh mé.
150. Atáid ag teacht a bhfoghus noch leanas durchóid: atáid a bhfad ód dhligheadh.
151. Atá tusa a bhfogus, a THIGHEARNA; agus is fírinne haitheanta uile.
152. A ttáobh thfiadhnuiseadhsa, bá fios damh re fada gur shuighidh tú íad go síorruidhe.
153. Dearc ar manacair, agus sáor mé: óir níor dhearmuid mé do dhligheadh.