Psailm 119:136-149 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

136. Silid srotha uisgeadh as mo shúilibh, do bhrígh nach ccoimhéadaid do dhligheadh.

137. Is fíréunta thú, a THIGHEARNA, agus atáid do bhreitheamhnuis díreach.

138. Daithin tú thfíaghnuiseadh atáid fíréanta agus ro fhírinneach.

139. Do ghearr mo theas-ghrádh amach mé; do bhrígh gur dhéarmadar mo naimhde do bhríathra.

140. Do dhearbha do bhríatharsa go mór: agus is ionmhuin lead sheirbhíseach í.

141. Is beag misi agus is tarcuisneach: níor dhearmaid mé haitheantasa.

142. Is fíréantacht síorruidhe thfíréantachdsa, agus is fírinne do dhligheadh.

143. Tárlaigh anacair agus goimh chugam: is íad haitheanta máoibhneas.

144. Atá fíréantacht thfíaghnuiseadha go síorruidhe: tabhair tuigsi dhamh, agus mairfe mé.

145. Eighim rem uile chroidhe; cluin mé, a THIGHEARNA: coimhéadfa mé do reachta.

146. Eighim chugadsa; tarthaidh me, agus coimhéadfad thfíadhnuiseadh.

147. Do mhoichéirghe mé theacht an laói, agus déighios: do bhi mo dhúil red fhocalsa.

148. Bíd mo shúile na ndúscadh a ttráthuibh na hoidhche, chum smuainiughadh ann do bhréithir.

149. Cluin mo ghuth do réir do thrócaire: a THIGHEARNA, do réir do bhreitheamhnuis béoghaidh mé.

Psailm 119