132. Feuch orum, agus déan trócaire orum, do réir do chleachtaidh don droing ler bionmhuin hainm.
133. Daingnidh mo choiscéime ann do bhréithir: agus ná léig durchóid ar bith úachtaránacht do bhreith orum.
134. Sáor mé ó shárughadh na ndaóine: agus coimhéadfa mé haitheanta.
135. Tabhair air haghaidh déalrughadh air do sheirbhíseach; agus teagaisg dhamh do reachta.
136. Silid srotha uisgeadh as mo shúilibh, do bhrígh nach ccoimhéadaid do dhligheadh.
137. Is fíréunta thú, a THIGHEARNA, agus atáid do bhreitheamhnuis díreach.