Psailm 119:123-135 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

123. Meathaid mo shúile ag feithiomh air do shlánughadh, agus air fhocal thfíréantachta.

124. Déan red sheirbhíseach do réir do thrócaire, agus múin dhamh do reachta.

125. Is misi do sheirbhíseach; tabhair tuigsi dhamh, agus biaidh éolus air thfíadhnuisibh agam.

126. Is mithídh, a dhéanamh, a THIGHEARNA: do chuireadar do dhligheadh ar neimhní.

127. Uime sin is ionmhuin liom haitheanta ós cionn óir; agus ós cionn óir fhíorghlain.

128. Uimesin measuim haitheantasa uile ceart; fúathuighim uile shlighe na neimhfirinne.

129. Atáid thfíaghnuiseadh ro iongantach: uime sin coimhéaduigh manam íad.

130. Do bheir dul a steach do bhríathar solus; ag tabhairt tuigse don tsimplighe.

131. Dfoscail mé mo bheul, agus do chriothnuigh mé: óir do bhí mían haitheanta agam.

132. Feuch orum, agus déan trócaire orum, do réir do chleachtaidh don droing ler bionmhuin hainm.

133. Daingnidh mo choiscéime ann do bhréithir: agus ná léig durchóid ar bith úachtaránacht do bhreith orum.

134. Sáor mé ó shárughadh na ndaóine: agus coimhéadfa mé haitheanta.

135. Tabhair air haghaidh déalrughadh air do sheirbhíseach; agus teagaisg dhamh do reachta.

Psailm 119