105. As lóchrann dom chosaibh do bhríathar, agns solus dom chasánaibh.
106. Thug mé mo mhionna, agus coimhlionfad sin, breitheamhnuis thfíréantachda do chomhall.
107. Do bhí mé ar mo bhuáidhreadh go hiomarcach: béoghaidh mé, a THIGHEARNA, do réir thfocail.
108. Gabh uáim, íodhbartha sochroidheacha mo bhéil, guidhim thú, a THIGHEARNA, agus teagaisg dhamh do bhreitheamhnuis.
109. Atá manam ann mo láimh do ghnáth: acht níor dhearmaid mé do dhligheadhsa.
110. Do chuireadar na peacaidh paintéar am choinne: gidheadh ní dheachus ar seachrán ód aitheantaibhsi.
111. Do ghlac mé mar oighreacht thfíadhnuisese go bráth: óir is sólás dom chroidhe íad.
112. Do chláon mé mo chroidhe chum do reachta do dhéanamh go bráth.
113. Fúathuighim smuáintighthe díomhaoine: acht grádhuighim do dhligheadhsa.
114. Is tusa mionad foluighthe agus mo scíath: do bhí mo dhóigh ann thfocal.
115. Imthighidh uáim, sibhsi a lucht déanta uilc: agus coimhéadfad aitheanta mo Dhé.
116. Connaimh súas mé do réir do bhréithre, agus mairfe me: agus ná náirigh mé fám dhóthchus.