1. Ní dúinne, a THIGHEARNA, ní dúinne, acht dot ainm féin tabhair glóir, ar son do thrócaire, agus thfírinne.
2. Cred fa naibeoraidís na geinte, Cáit a nois a bhfuil a Ndía?
3. Acht atá ar Ndíane annsna neamhuibh: a nuile ní dob áill leis do rinne sé.
4. Is airgiod agus ór a níomháighthe, obair láimhe duine.
5. Atá béul aca, agus ní labhruid: atáid súile aca, agus ní fhaicid síad:
6. Atáid chlúasa aca, agus ní chluinid: atá srón aca, agus ní bholtnuighid.
7. Atáid lámha aca, agus ní mhothuighid: atáid cosa aca, agus ní shiubhluid: ní labhruid síad le na scórnuigh.
8. Is cosmhuil ríu an lucht do ní íad; a nuile duine chuirios a dhóigh ionta.
9. O Israel, cuirsi do dhóigh annsa TIGHEARNA: is eision a bhfear tárthala agus a sgíath.
10. O a thigh Aaron, cuiridhsi bhur ndóigh annsa TIGHEARNA: is eision a bhféar tárthala agus a sgíath.
11. Sibhsi noch air a bhfuil eagla an TIGHEARNA, cuiridh bhur ndóigh annsa TIGHEARNA: is eision a bhfear tárthala agus a sgíath.