28. Annsin gáirid chum an TIGHEARNA ann a nanacair, agus do bhéaruidh amach íad ó na gcumhgach.
29. Tráothfuidh an tanfadh a cciúnas, agus béid a ttonna sin na comhnuighe.
30. Agus béid lúathgháireach do bhrígh go mbéid síad súaimhneach; agus tréorochuidh íad go cúan a ttoile.
31. Admhuighdís don TIGHEARNA a oineach, agus a oibreacha iongantacha do chloinn na ndaóine!
32. Agus móruighedís é a gcoimhthionól na ndaóine, agus a nionad súighe na sinnsior molaidís é.
33. Iompóighe sé aibhne a mbáinsidh, agus toibreacha uisge a dtalamh ttartmhar;
34. Fearann tórthach a ngorta, ar son corbaidh an luchta noch áitrighios ann.
35. Iompoighe sé fásach a loch uisge, agus fearann tirim a ttoibribh fíoruisge.
36. Agus cuiridh na hocraigh na ccomhnuighe annsin, go nullmhuighid cathair chum áitreibhthe;
37. Agus go ccuirid machaireadha, agus go ndéanaid fíneamhna, agus do bhéaraid toradh bisigh.