20. Do chuir sé a bhríathar, agus do leighis íad, agus do thárthuigh íad ó na milleadh.
21. Admhuighdis don TIGHEARNA arson a thrócaire, agus a oibreacha iongantacha do chloinn na ndaóine!
22. Agus íodhbraidís íodhbartha molta, agus foillsighidis a oibreacha lé lúathgháire.
23. An lucht théid síos chum na fairge a lungaibh, noch do ní a nobair a nuisgeadhuibh móra;
24. Do chíd oibreacha an TIGHEARNA, agus a ionganta annsa naigéan.