6. Do pheacuigheamar lé ar naithribh, do rinneamar cionta, do rinneamar neithe coiripe.
7. Níor thuigeadar ar naithre do mhíorbhuilesi san Négipt; níor chuimhnígheadar iomad do thrócaireadha; acht do cheannairgeadar ag an muir, ag an muir Ruáidh.
8. Acht cheana do sháor sé iad ar son a anma féin, chum a chumhachd do chur a numhuil.
9. Agus dimdhearg sé an mhuir Rúadh mar an gceadna, agus do tiormuigheadh súas í: agus tugadh orrasan siubhal annsna haigéanuibh, mar an ndiothramh.
10. Agus do sháor sé íad ó na lámhuibhsion noch do fhúathaigh íad, agus dfúasgail sé íad amach as láimh na námhad.
11. Agus dfoluigh na huisgeadha a naimhde: níor fágbhadh áon aca.
12. Annsin do chreidiodar a bhríathra; do chanadar a mholadh.
13. Do dhearmadar go doith a oibreacha; níor fhanadar le na chomhairle:
14. Agus do rinneadar anntoil ré hainmhian san díothramh, agus do chuireadar cathughadh air Dhía annsa nuáignios.
15. Agus thug sé dhóibh a níarratas; acht do chuir crúas a steach iona ccroidhe.
16. Agus do thnúthuigheadar re Maóise mar an gceadna annsa champa, agus ré Aaron áon náomhtha an TIGHEARNA.